| Irish | English |
|---|---|
| Mo bheannacht óm' chroí dod' thir 's dod' shléibhte | My heartfelt blessings on your valleys and mountains |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Is dod' mhuintir shuairc ar dual dóibh féile | And on your cheerful people, so naturally kind |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Do shrutháin gheala 's do choillte craobhach | On your shining streams and your leafy woodlands |
| Do ghleannta meala 's do bhánta léire | Your honeyed slopes and your gleaming meadows |
| Ó grá mo chroí iad siúd le chéile | My heart fills with love for all of them surely |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Is dathúil breá do chruacha scéimchruth | Your rugged peaks are a handsome sight |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Nuair a lasaid suas le hamharc gréine | As the rising sun sets them aflame |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Na faillte 's leacain ar gach taobh diot | Cliffs and steep slopes in every direction |
| Mar bhrata sróil le seolta gleásta | Like a satin weave from a magic loom |
| Nuair a scaipeann an drúcht anuas ón spéir ort | As the dew falls from the heavens high |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Do bhíos thar sáile seal i gcéin uait | I was a while away from your beauty |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| I ndúthaigh fáin ag déanamh saoithair | Slaving so hard in a foreign land |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
| Ach b'obair tháir liom cnuasach gréithre | Base work it was, just making a living |
| I bhfad óm' ait fé scáil do shléibhte | Far from my home 'neath the shade of your mountains |
| Is chas mé arís ort a phlúr na nDéise | So I came back to you, the flower of the Déise |
| A chomaraigh aoibhinn ó | Sweet Comeragh |
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Written by Maurus Ó Faoláin
Arranged by Solas
As recorded by Solas on The Words That Remain